← Cad é mar a shaothraigh mé mo chuid? 🔊✎
← Cad é an méid airgid a chaithfinn sa tír seo? 🔊✎
← Ós rud é nach mórán muiníne agam as cha dtug mé dó ach breaceolas agus bréaga, agus tuairimí leathcheannacha. 🔊✎
← Bhí an tuile shí as a bhéal agus é ag maíomh as a ghaisce gnó. 🔊✎
← Ligfinn orm féin go raibh mé bog go bhfeicfinn cad é mar a bhí sé ag brath buntáiste a ghlacadh orm. 🔊✎
← "Nach ádhúil gur casadh ar a chéile sinn," a dúirt sé agus é ag cothú na tine le tuilleadh adhmaid chonnaidh. 🔊✎
← "Seo lá ár leasa," ar seisean agus é do mo ghrinniú lena shúile beaga santacha. 🔊✎
← Bhí a fhios aige chomh luath agus a leag sé súil orm, a dúirt sé, gurb é ár gcinniúint é a bheith i mbeartas páirte lena chéile. 🔊✎
← Bhí sé i bhfách go mór le dul isteach liom chun an tseomra le mé a chosaint ar chrúba an fhir istigh ach d'éirigh liom é a chur ar a shuaimhneas agus a sheoladh ar ais chun na cisteanadh. 🔊✎
← Shamhlófá nár tháinig lá dá leas ach é. 🔊✎
← Cha raibh ann ach slíomadóir agus b'fhearr léi gan é a bheith ag teacht faoin teach ar chor ar bith. 🔊✎
← Tá bean agus páistí aige ach bhí siad scartha óna chéile ón uair ar cúisíodh é as gadaíocht agus ar gearradh téarma príosúin air. 🔊✎